Friday, April 07, 2006

Soiscéal na bhfilí



Ag breathnú cúpla lá ó shin ar Soisceál Pháraic ar TG4. Cúrsaí filíochta a bhí i gceist, saothar Michael Hartnett ach go háirithe. Ar an bpainéal bhí Liam Carson, Gabriel Rosenstock agus Mary Shine Thompson. Ní mó ná sásta a bhí siad leis an obair, ón méid a chuala Liopa an Chait ar aon nós. Níor bhain sé le filí Innti, níor chuir sé suim sa ghluaiseacht nua filíochta agus é ag bualadh timpeall Teampall Ghleanntáin i gCo Luimní nach ceantar breac-Ghaeltachta fiú amháin é agus é ag féachaint siar ar shean leads sean-aimseartha leathchraiceáilte na seachtú aoise déag sna hoícheanta fada fírfhliucha anfa ar toinn taobh leo a bhainfeadh an ceann díot mura mbeadh do Bhurberry agat agus gan taithí ar bith acu ar an Long Valley agus cailíní Chorcaigh. Bhuel, fair enough, níl an oiread sin spéise agam féin i gcuid mhaith den fhilíocht Ghaeilge a d’fhoilsigh sé nó i bpolaitíocht gheaitsiúil leithéid A Farewell to English, ach ba chéim san aistear iad, bhí sé ag iarraidh traidisiún agus pobal a aimsiú dó féin agus theastaigh an teanga uaidh, theastaigh Ó Rathaille agus Ó Bruadair agus Haicéad uaidh ag an bpointe sin. Theastaigh an guth fíochmhar sin uaidh agus é ag éalú uaidh comhthéacs a linne, uaidh féin, b’fhéidir.

Ach ansin thosaigh GR ag ionsaí na filíochta Béarla chomh maith. Inchicore Haiku? Muise ní haiku in aon chor iad, nach raibh fhios aige go mbaineann na haikus leis na séasúir agus mura bhfuil chuile bhraon báistí agus chuile dhuilleog fhómhair istigh agat sna seacht siolla déag taobh leis na froganna ag plopáil sna linnte, b’fhearr duit fanacht abhaile ag breathnú ar Ní Gaeilgeoir Mé nó ar Desperate Housewives. Chuile sheans nach róbhuartha a bhí Hartnett faoin easpa dúlra sa dán, óir tá an dá chuid ann den teideal agus tábhacht ar leith ag baint le ‘Inchicore.’ Ní raibh sé ag iarraidh an traidisiún Seapánach a shaothrú. Ach ar ndóigh, a dúradar, thosaigh sé ag cleachtadh na foirme sin de bharr go raibh sé ag ól agus nach raibh de fhuinneamh nó de chumas aige tabhairt faoi dánta níos faide. Seo an cineál truflais a thagann as an léirmheastóireacht bheathaisnéiseach. An amhlaidh go raibh Basho chomh tugtha don saké nach raibh sé in ann dul thar trí líne? Tá mé ag léamh eipeagram de chuid Catullus agus Martial i láthair na huaire agus ní chreidfeá boladh an fhíona ar na leathanaigh, míorúilt ar fad gur landáil focal amháin ar an bpár agus na leads amuigh óiche i ndiaidh óiche i mbun ragairne agus scléipe agus chuile short iompraíochta nach bhfuil sé de chead againn a lua i mblog soineanta mar seo.
Níl fhios agam céard tá uathu – úrscéalta i bhfoirm véarsaíochta, b’fhéidir. Comhartha eicínt nach bhfuil an intleacht faoi bhrú an óil nó na ndrugaí. Caithfidh mé fáil réidh anois díreach leis na haikus a bhí do mo choinneáil ó mhaith.....

6 comments:

sean lysaght said...

Ceist agam ort, a Pheadair: an bhfuil Beckett aistrithe i nGaeilge? Ta iarratas mor faoi sheol anois, Beckett a mhealladh ar ais chuig an tir seo mar fior-Eireannach: ta dushlan ann, Krapp agus a leithead a chuir a fail i nGaelige - do thuraim?

The Cat Flap said...

Hi a Sheáin, níl mé cinnte ach sílim go bhfuil leagan Gaeilge ann de Godot -- mura bhfuil dul amú orm. Ach aontáim leat -- bheadh sé thar a bheith spéisiúil Krapp a chloistéail i nGaeilge....

sean lysaght said...

Taim ag athleamh Molloy. Eacht mor don aistritheoir, silim, a leithead a chur i nGaeilge, ta an oiread sin fealsunacht ann faoin teangan.
(Oireadh Beckett go mor le tirdhreach garbh, iarghulta an iarthair. Samhlaim gnathog Krapp i dteach beag ar Inis Meain...)
Mo leithsceal de bharr easpa sinithe fada

puthwuth said...

Trachtann Maddy Rooney ar an nGaeilge in All That Fall, eagla uirthi (no suil aici, n'fheadar) go mbeidh an Bearla marbh gan mhoill 'just like our own poor Gaelic'.

Trachtann a fear ceile ar an bhfocal ceinne -- fir -- ar dhoras an leithris, 'in accordance with Grimm's law'.

Cloistear 'Slainte' ag an gcoisir ud in 'A Wet Night'. Agus sin an meid.

A Sheain, i laimhscribhinni Krapp's Last Tape faighimid amach gur i North Great George's Street, BAC, a bhfuil conai ar Krapp. Is follasach go bhfuil taithi aige ar an Iarthar afach -- 'to be again in Croghan...'

Anonymous said...

Maidir leis an méid an dúradh faoi Ó Rathaille is mar sin de, tá an ceart agat, is guth fíochmhar é, fiú sa lá atá inniu ann, d’éinne a bhfuil leid ar bith aige/ci é a léamh. Go pearsanta, ní fheicim conas is féidir Ó Rathaille a shárú i bhfilíocht na Gaeilge. Ag an am céanna tá an-suim agam sa ghluaiseacht Innti. N’fheadar cén fáth a mheasfadh an painéal go bhfuil siad seo comh-eisiach...

Mike Begnal said...

Ar bharr a mhéid sin a luaigh mé thuas, féach an píosa a scríobh mé le déanaí ar mo bhlog féin faoi Corkery/The Hidden Ireland.

Featured post

Call for applications for the Kavanagh Fellowship, 2021

  Call for applications for the Kavanagh Fellowship, 2021 Trustees of the estate of Katherine Kavanagh ,  3 Selskar Terrace, Ranelagh, Dubli...